Ná bac leis seo

Cén Chaoi a mBainfear Amach Síocháin ar Talamh?

Cén Chaoi a mBainfear Amach Síocháin ar Talamh?

Freagraíonn an Bíobla

 Ní trí iarrachtaí daonna a bhainfear amach síocháin ar an talamh, ach trí Ríocht Dé, rialtas neamhaí á rialú ag Íosa Críost. Tabhair faoi deara an méid atá ráite sa mBíobla faoin dóchas iontach seo.

  1.   Cuirfidh Dia “cosc le cogaí ar fud na cruinne,” ag comhlíonadh a ghealltanais “síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!”—Salm 46:10 (46:9 i mBíoblaí eile); Lúcás 2:14.

  2.   Rialóidh Ríocht Dé an domhan ó neamh. (Dainéil 7:14) Cuirfidh sí deireadh le náisiúnachas, rud a tharraingíonn go leor achrainn.

  3.   Is é Íosa an Rí atá ar Ríocht Dé. Déantar cur síos air sa mBíobla mar “Prionsa na síochána,” agus cinnteoidh sé nach mbeidh “críoch lena shíocháin.”—Íseáia 9:5, 6 (9:6, 7 i mBíoblaí eile).

  4.   Ní féidir le daoine a bhfuil grá acu don fhoréigean maireachtáil faoi Ríocht Dé, mar “is fuath leis [Dia] fear an fhoréigin.”—Salm 11:5; Seanfhocail 2:22.

  5.   Múineann Dia dá ghéillsinigh conas saol síochánta a bheith acu. Cuireann an Bíobla síos ar an toradh a bheidh ar seo nuair a deir sé: “Buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachta agus a sleánna ina gcorráin. Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.”—Íseáia 2:3, 4.

 Cheana féin, tá na milliúin d’Fhinnéithe Iehova ar fud an domhain ag foghlaim ó Dhia conas a bheith síochánta. (Matha 5:9) Cé go mbaineann muid le go leor grúpaí eitneacha agus go bhfuil cónaí orainn i mbreis agus 230 tír, diúltaíonn muid páirt a ghlacadh i gcogaí.

Tá Finnéithe Iehova ag foghlaim bealaí na síochána inniu