Ná bac leis seo

An Bhfuil An Eolaíocht Ar Aon Fhocal Leis an mBíobla?

An Bhfuil An Eolaíocht Ar Aon Fhocal Leis an mBíobla?

Freagraíonn an Bíobla

 Ní téacsleabhar eolaíochta é an Bíobla, ach nuair a dhéanann sé tagairt de chúrsaí eolaíochta, bíonn sé cruinn i gcónaí. Breathnóidh muid ar roinnt samplaí a léiríonn go bhfuil an eolaíocht agus an Bíobla ar aon fhocal. Tá fíricí eolaíochta sa mBíobla a bhí ag teacht salach ar an rud a creideadh ann nuair a scríobhadh an Bíobla.

  •   Bhí tús ag an chruinne. (Geineasas 1:1) Is mór idir an ráiteas sin agus na finscéalta ársa a deir nár cruthaíodh an chruinne ach gur eagraíodh é as an anord a bhí ann ag an am. Chreid na Bablónaigh gurbh ó dhá aigéan a tháinig na déithe a rug an chruinne. Deir finscéalta eile gur amach as ubh ollmhór a tháinig an chruinne.

  •   Rialaítear an chruinne de réir dlíthe nádúrtha, ní de réir tuairimí déithe ársa. (Iób 38:33; Irimia 33:25) De réir finscéalta is fánach ar an duine nuair a thagann sé go dtí gníomhartha na ndéithe taghdacha neamhthrócaireacha sin.

  •   Tá an domhan crochta ar neamhní. (Iób 26:7) Chreid formhór na ndaoine fadó go raibh an domhan cothrom agus leagtha ar dhroim ainmhí mór ar nós eilifint, turtar nó buabhall.

  •   Tagann an t-uisce atá sna haibhneacha agus sna toibreacha ón ngal a éiríonn ón bhfarraige agus ó fhoinsí eile uisce, titeann sé ansin mar bháisteach, sneachta nó clocha sneachta. (Iób 36:27, 28; Cóheilit 1:7; Íseáia 55:10; Amós 9:6) Shíl na Gréagaigh fadó gur as farraige mhór faoi thalamh a tháinig an t-uisce isteach sna haibhneacha, agus creideadh é sin go dtí an 18ú haois.

  •   Éiríonn agus íslíonn na sléibhte, agus bhí sléibhte an lae inniu faoin bhfarraige tráth den tsaol. (Salm 104:​6, 8) Ach de réir na miotaseolaíochta chruthaigh na déithe na sléibhte mar atá siad inniu.

  •   Cosnaíonn cleachtais sláintíochta ar ghalair muid. Mar chuid den Dlí a tugadh do náisiún Iosrael bhí rialacha ann maidir le níochán tar éis teagmháil a dhéanamh le marbhán, fanacht glan orthu siúd a raibh galair thógálacha orthu, agus bhí ar dhaoine a gcuid salachair féin a chur i bpoll sa talamh. (Léivític 11:28; 13:​1-5; Deotranaimí 23:13) Ag an am céanna bhíodh na hÉigiptigh ag úsáid taos a bhí déanta as a gcuid salachair féin mar leigheas ar chréachtaí.

An bhfuil botúin eolaíochta sa mBíobla?

 Má scrúdaíonn tú an Bíobla gheobhaidh tú amach nach bhfuil. Seo roinnt de na cásanna is coitianta a n-úsáidtear an chiall chontráilte chun tagairt do chruinneas eolaíochta an Bhíobla:

 An chiall chontráilte: Deir an Bíobla gur cruthaíodh an chruinne i sé lá, 24 uair an chloig i ngach lá acu.

 Fíric: De réir an Bhíobla, chruthaigh Dia an chruinne san am a caitheadh. (Geineasas 1:1) Ba thréimhsí ama a bhí i gceist le laethanta an chruthaithe i gcaibidil 1 de Geineasas agus ní luaitear an fad a bhí siad. Tugtar “lá” ar an tréimhse iomlán ina ndearnadh neamh agus talamh.​—Geineasas 2:4.

 An chiall chontráilte: Deir an Bíobla gur cruthaíodh an fhásra sula raibh an ghrian ann chun tacú le fótaisintéis.​—Geineasas 1:​11, 16.

 Fíric: Deir an Bíobla gur cruthaíodh an ghrian, ceann de na réaltaí ‘neimhe’ sular cruthaíodh an fhásra. (Geineasas 1:1) Shroich gathanna solais ón ngrian dromchla an domhain le linn an chéad “lá,” nó an chéad tréimhse, den chruthú. De réir mar a ghlan an t-atmaisféar, faoin tríú “lá” bhí an solas sách láidir chun tacú le fótaisintéis. (Geineasas 1:​3-5, 12, 13) Ní raibh an ghrian le feiceáil go soiléir ó dhromchla an domhain go dtí níos déanaí.​—Geineasas 1:​16.

 An chiall chontráilte: Deir an Bíobla go bhfuil an ghrian ag imrothlú an domhain.

 Fíric: Deir Cóheilit 1:5: “Éiríonn an ghrian ach téann sí faoi arís agus brostaíonn sí léi chun na háite ar éirigh sí as.” Níl sa méid sin ach cur síos ar ghluaiseacht na gréine mar a fheictear ón talamh í. Cloistear daoine ag trácht ar “éirí na gréine” agus ar “luí na gréine,” cé go bhfuil a fhios acu go maith go n-imrothlaíonn an domhan thart ar an ngrian.

 An chiall chontráilte: Deir an Bíobla go bhfuil an domhan cothrom.

 Fíric: Úsáideann an Bíobla an ráiteas “go himeall an domhain” chun “go críocha na cruinne” a chur in iúl ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil an domhan cothrom ná go bhfuil imeall air. (Gníomhartha 1:8) Mar an gcéanna, leis an ráiteas “ó cheithre arda an domhain.” Is nath cainte atá ann a thagraíonn do dhromchla an domhain ina iomláine.​—Íseáia 11:12; Lúcás 13:29.