Ná bac leis seo

Céard é an tAnam?

Céard é an tAnam?

Freagraíonn an Bíobla

 Aistrítear an focal “anam” sa mBíobla ón bhfocal Eabhraise neʹphesh agus ón bhfocal Gréigise psy·kheʹ. Ciallaíonn an focal Eabhraise “neach atá ag análú” agus an focal sa nGréigis “neach beo nó anam beo.” a Mar sin, is é an t-anam an neach nó an duine in iomláine, agus ní rud éigin laistigh de a leanann air ag maireachtáil tar éis a bháis. Smaoinigh ar an gcaoi a léiríonn an Bíobla gur é an t-anam an duine in iomláine:

Níor tugadh anam d’Ádhamh​—rinneadh “anam beo” nó duine de

  •   Nuair a chruthaigh Iehova Dia an chéad fhear, Ádhamh, deir an Bíobla go ndearnadh “anam beo den duine.” (Geineasas 2:7, Leagan King James). Níor tugadh anam d’Ádhamh​—rinneadh anam beo nó duine de.

  •   Deir an Bíobla go bhfuil an t-anam ábalta obair a dhéanamh, dúil a bheith aige i mbia, a bheith ag ithe, a bheith umhal de dhlíthe agus marbhán a láimhseáil. (Léivític 5:2; 7:​20; 23:30; Deotranaimí 12:20; Rómhánaigh 13:1) Baineann na gníomhaíochtaí seo le duine beo.

An maireann an t-anam go deo?

 Ní mhaireann, is féidir leis an anam bás a fháil. Deir go leor véarsaí sa mBíobla go bhfaigheann an t-anam bás. Seo leanas roinnt samplaí:

  •   “An t-anam a pheacaíonn, gheobhaidh sé bás.”​—Eizicéil 18:​4, 20, Leagan King James.

  •   In Iosrael fadó, ba é an pionós a ghearrtaí ar chionta tromchúiseacha ná “anam a ghearradh amach óna phobal.” (Eaxodus 12:15, 19; Léivític 7:​20, 21, 27; 19:8 Leagan King James) Chuirfí an duine “chun báis.”​—Eaxodus 31:14, Leagan King James.

  •   Nuair a bhásaíonn duine, úsáidtear an téarma “anam marbh” chun tagairt a dhéanamh den chorp i roinnt véarsaí sa mBíobla. (Léivític 21:11, fonóta agus; Uimhreacha 6:6, fonóta New World Translation) Cé go n-úsáideann go leor aistriúcháin den Bhíobla an téarma “anam marbh” nó “corpán” is é an focal neʹphesh,“anam” a úsáidtear san Eabhrais.

Tá an focal “anam” fite fuaite leis an bhfocal “beatha”

 Úsáidtear an focal “anam” freisin sa mBíobla chun tagairt a dhéanamh den “bheatha.” Mar shampla i Iób 33:22 tá an focal “anam” (neʹphesh) san Eabhrais ar aon dul leis an bhfocal beatha nó “beo.” Mar an gcéanna, léiríonn an Bíobla gur féidir le beatha duine, nó a anam, a bheith i gcontúirt nó bás a fháil.​—Eaxodus 4:​19; Breithiúna 9:​17; Filipigh 2:​29b (2:​30 i mBíoblaí eile).

 Cabhraíonn úsáid an fhocail “anam” linn tuiscint a fháil ar na véarsaí ina ndeirtear go bhfuil an t-anam “ag dul amach” nó “ag imeacht.” (Geineasas 35:18; Leagan King James) Is leagan cainte é seo a thugann le tuiscint go bhfuil duine ag fáil bháis. Úsáideann roinnt aistriúcháin “nuair a bhí sí ar an dé deiridh” agus iad ag déanamh tagairt de Geineasas 35:18.

An áit ar tháinig an teagasc go maireann an t-anam go deo as

 Tagann an teagasc go maireann an t-anam go deo ó fhealsúnacht na Sean-Ghréige agus ní ón mBíobla. Deir An Encyclopaedia Britannica: “Tá baint ag tagairtí bíobalta faoin anam le coincheap na hanála agus ní dhéantar aon idirdhealú idir anam nach bhfaigheann bás go deo agus an duine fisiciúil. Tagann an teagasc maidir leis an gcorp agus an t-anam a bheith scartha óna chéile ó na sean-Ghréagaigh.”

 Ní ghlacann Dia le bheith ag meascadh a chuid teagasca le fealsúnacht dhaonna, ar nós an teagasc go maireann an t-anam go deo. Ach is é a mhalairt ar fad atá i gceist, mar tugann an Bíobla foláireamh: “Bígí aireach, áfach, le heagla go mbuailfeadh aon duine bob oraibh leis an bhfealsúnacht bhaoth mhealltach úd a leanann traidisiúin dhaonna.”​—Colosaigh 2:8.

a Féach The New Brown, Driver, agus Briggs Hebrew and English Lexicon of the Old Testament, lth 659, agus an Lexicon in Veteris Testamenti Libros, lth 627. Aistríonn go leor d’aistritheoirí an Bhíobla na focail neʹphesh agus psy·kheʹ de réir an chomhthéacs, ag úsáid focail ar nós “anam,” “beatha,” “duine,” “neach,” nó “colainn.”