Ná bac leis seo

Cé Mhéad Ainm atá ar Dhia?

Cé Mhéad Ainm atá ar Dhia?

Freagraíonn an Bíobla

 Níl ach ainm pearsanta amháin ar Dhia. Tá sé scríofa san Eabhrais ag úsáid ceithre litir יהוה agus tugtar “Iehova” air i nGaeilge de ghnáth. a Dúirt Dia féin trína fháidh Íseáia: “Mise, arb é an Tiarna [Iehova] b is ainm dom.” (Íseáia 42:8) Tá ainm Dé le fáil i mbuntéacs Eabhraise an Bhíobla beagnach 7,000 uair​—i bhfad níos minice ná aon teideal eile a thugtar do Dhia nó, go deimhin, aon ainm pearsanta atá ar aon duine eile. c

An bhfuil ainmneacha eile ar Iehova?

 Cé go trína ainm pearsanta amháin a thagraítear do Dhia sa mBíobla, tá go leor teidil úsáidte ann le cur síos a dhéanamh air. Seo a leanas chuid de na teidil sin a léiríonn na tréithe a bhaineann le nádúr nó le pearsantacht Iehova.

Teidil

Tagairt

Brí

Allah

(Tada)

Focal a thagann ón Araibis, ní ainm pearsanta é an focal “Allah” ach teideal a chiallaíonn “Dia.” Úsáideann aistriúcháin den Bhíobla in Araibis agus i dteangacha eile é amhail is go bhfuil sé comhionann le “Dia.”

Uilechumhachtach

Geineasas 17:1

Tá Sé an-chumhachtach. Tá an leagan cainte Eabhraise ʼEl Shad·daiʹ, “Dia na gCumhacht,” le fáil seacht n-uaire sa Bhíobla.

An tAlfa agus an tÓimige

Apacailipsis 1:8; 21:6; 22:13

“An té atá ar tosach agus ar deireadh,” nó “an tús agus an chríoch,” rud a chiallaíonn nach raibh aon Dia Uilechumhachtach ann roimh Iehova agus ní bheidh aon Dia ann ina dhiaidh. (Íseáia 43:10) Is iad alfa agus óimige an chéad litir agus an litir deireadh d’aibítir na Gréigise.

Sinsear na Laethanta

Dainéil 7:​9, 13, 22

Ní raibh aon tús aige; bhí sé ann sular cruthaíodh aon duine nó aon ní.​—Salm 90:2.

Cruthaitheoir

Íseáia 40:28

An té a chruthaigh an uile ní​—Apacailipsis 4:​11.

Athair

Matha 6:9

Foinse na beatha.

Dia

Geineasas 1:1

Údar adhartha; Dia láidir. Tá an focal Eabhraise ‘Elo himʹ san iolra, rud a léiríonn maorgacht, dínit nó sármhaitheasí Iehova.

Dia na ndéithe

Deotranaimí 10:17

An Dia is airde, tá difríocht mhór idir é agus na ‘déithe bréige’ atá á n-adhradh ag cuid de na daoine.​—Íseáia 2:8.

An Té a Theagascann tú

Íseáia 30:20, 21

Tugann sé teagasc agus treoir a théann chun tairbhe don duine.​—Íseáia 48:17, 18.

An Té a éisteann lenár nguí

Salm 65:3 (65:2 i mBíoblaí eile)

Éisteann sé le gach paidir a ofráiltear dó go muiníneach.

Is mé an té atá ann

Eaxodus 3:​14

Tá an chumhacht aige cibé rud a theastaíonn a dhéanamh, a dhéanamh, chun a chuspóir a thabhairt chun críche. Aistríodh an frása seo freisin mar “Beidh mé i mo phé neach ar mian liom” nó “Déanaim le go dTarlóidh sé.” (The Emphasised Bible, by J. B. Rotherham; New World Translation) Cabhraíonn an cur síos seo míniú a thabhairt ar ainm pearsanta Dé, Iehova, a luaitear sa chéad véarsa eile.—Eaxodus 3:15.

Éadmhar

Eaxodus 34:14

Níl sé ag iarraidh go mbeifear ag adhradh aon dia eile ach é féin. Aistríodh an téarma seo freisin ‘nach gcuirfidh sé suas le déithe bréige’ agus ‘tá an cháil air nach bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh a lucht leanúna ag adhradh aon Dia eile.’​—New World Translation.

Rí na gciníocha

Apacailipsis 15:3

Ní raibh aon tús ná ní bheidh aon deireadh ag a thiarnas.

Tiarna

Salm 135:5

Úinéir nó máistir; san Eabhrais ʼA·dhohnʹ agus ʼAdho·nimʹ.

Tiarna na Slua, Tiarna na Sabaoth

Íseáia 1:9; Rómhánaigh 9:​29

Ceannasaí ar fhórsaí ollmhóra d’aingeal. Is féidir an teideal “Iehova an airm” a thabhairt ar “Tiarna na Sabaoth” chomh maith le “Tiarna na n-arm [neamhaí].”​—Rómhánaigh 9:​29, New World Translation; NET Bible, fonóta.

An Neach Naofa

Seanfhocail 9:​10

Níos naofa (glan ar gach bealach) ná aon neach eile.

Potaire

Íseáia 64:8

Tá údarás aige ar dhaoine aonair agus ar náisiúin, díreach mar atá údarás ag an bpotaire ar an gcré.​—Rómhánaigh 9:​20, 21.

Fuascailteoir

Íseáia 41:14

Ceannaíonn sé nó fuasclaíonn sé an cine daonna ón bpeaca agus ón mbás trí íobairt fhuascailte Íosa Críost.​—Eoin 3:​16.

Carraig

Salm 18:​3, 47 (18:2, 46 i mBíoblaí eile)

Tearmann agus foinse an tslánaithe.

Slánaitheoir

Íseáia 19:20

Tugann sé slán ó chontúirt nó ó léirscrios.

Aoire

Salm 23:1

Tugann sé aire dá chuid adhraitheoirí.

Tiarna Dia

Geineasas 15:2

Tá ardceannasaíocht aige; Eabhrais ʼAdho·naiʹ.

An Té is Airde

Dainéil 7:​18, 27

An Neach is airde, os cionn gach aon ní.

Logainmneacha sna Scrioptúir Eabhraise

 Tá ainm pearsanta Dé luaite i roinnt logainmneacha sa mBíobla ach ní ainmneacha malartacha iad seo ar Dhia.

Ainm áite

Tagairt

Brí

Jehovah-jireh

Geineasas 22:13, 14

“Soláthar ón Tiarna [Iehova].”

Jehovah-nissi

Eaxodus 17:15

“An Tiarna Mo Chuaille Treorach,” nó “Mo Bhratach.” (New World Translation) Is féidir le pobal Iehova a theacht chuige chun cosaint agus cúnamh a fháil.​—Eaxodus 17:13-​16.

Jehovah-shalom

Breithiúna 6:​23, 24

“Síocháin é an Tiarna [Iehova].”

Jehovah-shammah

Eizicéil 48:35, fonóta, American Standard Version

“Tá Iehova inti.”

Ná cúiseanna gur chóir ainm Dé a bheith ar eolas againn agus é a úsáid

  •   Caithfidh sé gur cheap Dia go raibh tábhacht ag baint lena ainm pearsanta, Iehova, mar gur luadh é sa mBíobla na mílte uair.​—Malaicí 1:​11.

  •   Chuir Íosa, béim arís agus arís eile ar an tábhacht a bhain le hainm Dé nuair a ghuigh sé chuig Iehova ag rá: “go naofar d’ainm.”​—Matha 6:9; Eoin 17:6.

  •   Tá na chéad chéimeanna tógtha acu siúd atá tar éis eolas a fháil ar ainm Dé agus a úsáideann é, chun caidreamh a chothú le Iehova. (Salm 9:​11 (9:10 i mBíoblaí eile); Malaicí 3:​16) Cuireann an caidreamh sin ar a gcumas leas a bhaint as gealltanas Dé: “De bharr a dhilghrá dom déanfaidh mé a shaoradh, agus a dhíonadh toisc gur admhaigh sé m’ainm.”​—Salm 91:14.

  •   Deir an Bíobla: “Tá gan amhras déithe mar dhea ar neamh agus ar talamh—go deimhin tá “déithe” agus “tiarnaí” ann go líonmhar.” (1 Corantaigh 8:​5, 6) Ach tagraíonn an Bíobla go soiléir d’fhíor-Dhia amháin darbh ainm, Iehova.​—Salm 83:19; (83:18 i mBíoblaí eile).

a Úsáideann roinnt scoláirí Eabhraise an t-ainm “Iáivé” agus iad ag tagairt do Dhia.

b Tá an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” in An Bíobla Naofa (féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus, faoi An Peintiteoch—Brollach.) Dá bhrí sin, gach áit a bhfuil an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” sna scrioptúir a luaitear sa bhfoilseachán seo, cuireann muid an leagan Gaeilge den ainm diaga, “Iehova,” idir lúibíní ina dhiaidh.

c Tá foirm ghiorraithe den ainm diaga, “Iah,” le feiceáil thart ar 50 uair sa Bhíobla, in úsáid leis an bhfocal “Hallelujah,” nó “Alleluia,” focal a chiallaíonn “Mol Iah.”​—Apacailipsis 19:1.