Ná bac leis seo

Fógraí Dlí

Fógraí Dlí

Cóipcheart

© 2014 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania, Inc. Gach Ceart ar Cosaint.

Is é an “Watchtower Bible and Tract Society of New York, Inc.” (“Watchtower”) a fhoilsíonn agus a chothabhálann an láithreán gréasáin seo. Mura luaitear a mhalairt, is maoin intleachtúil é an téacs agus an t-eolas eile ar fad atá ar an láithreán gréasáin seo de chuid “Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania.”

Trádmharcanna

Is trádmharcanna cláraithe iad “Adobe”, an lógó “Adobe”, “Acrobat”, agus an lógó “Acrobat” de chuid “Adobe Systems Incorporated.” Is trádmharcanna cláraithe de chuid “Apple Inc.” iad “iTunes” agus “iPod.” Is maoin iad gach trádmharc eile agus gach trádmharc cláraithe dá gcuid siúd a bhfuil seilbh acu orthu.

Téarmaí Úsáide agus Cead an Láithreán Gréasáin a Úsáid

Rialaíonn na Téarmaí Úsáide seo an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin seo. Tríd an láithreán gréasáin seo a úsáid cuireann tú in iúl go nglacann tú leis na Téarmaí Úsáide seo ina n-iomlán. Mura n-aontaíonn tú leis na Téarmaí Úsáide seo nó le haon chuid de na Téarmaí Úsáide, ná déan an láithreán gréasáin seo a úsáid.

Céard atá i gceist le húsáid chóir? Is féidir leat breathnú ar ábhair atá faoi chóipcheart (obair ealaíne, foilseacháin leictreonach, ceol, grianghraif, téacs, físeáin) ar an láithreán gréasáin seo, agus iad a íoslódáil agus a phriontáil le haghaidh úsáid phearsanta agus neamhthráchtála a bhaint astu, faoi réir na srianta atá leagtha amach thíos agus i bpáirteanna eile de na Téarmaí Úsáide seo. Mar sin, níl aon chead agat:

  • Ábhar ón láithreán gréasáin seo a chur suas ar an idirlíon (aon láithreán gréasáin, suíomh comhroinnte comhad, nó gréasán sóisialta);

  • Ábhar ón láithreán gréasáin seo a athfhoilsiú le nó mar pháirt d’aon fheidhmchláir bhogearra;

  • Ábhar a atáirgeadh, macasamhail a dhéanamh d’ábhar, ná ábhar a chóipeáil, ná aon úsáid eile a bhaint as ábhar ar an láithreán gréasáin seo ar bhonn tráchtála nó le haghaidh airgead a dhéanamh (fiú mura bhfuil brabús i gceist), ná feidhmchláir ríomhairí a dháileadh atá bunaithe ar, nasctha, nó chónasctha (bídís statach nó dinimiciúil) leis an láithreán gréasáin seo;

  • An suíomh seo a rochtain chun cód foinseach, uirlisí nó teicnící a chruthú nó a dháileadh, chun bailiú sonraí a dhéanamh go sistéamach nó go huathoibrithe (san áireamh seo gan teorainn tá , scríobadh, mianadóireacht sonraí, tarraingt sonraí agus saothrú sonraí) ar nó maidir leis an láithreán gréasáin seo;

  • Mí-úsáid a bhaint as an láithreán gréasáin ná as a chuid seirbhísí, trí iarracht a dhéanamh cuir isteach ar an láithreán gréasáin, nó tríd an láithreán gréasáin nó a sheirbhísí a rochtain ag úsáid modh éigin eile seachas an modh atá curtha ar fáil;

  • An láithreán gréasáin seo a úsáid in aon bhealach a dhéanann damáiste nó a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh don láithreán gréasáin nó a laghdódh a sholáthair nó a inrochtaineacht; nó in aon bhealach atá mídhlisteanach, neamhdhlíthiúil, calaoiseach, nó damáisteach, nó a bhaineann le haon ghníomhaíocht nó cuspóir atá mídhlisteanach, neamhdhlíthiúil, calaoiseach, nó damáisteach;

  • An láithreán gréasáin seo a úsáid le haghaidh aon chuspóirí a bhaineann le margú.

Má Sháraítear na Téarmaí Úsáide

Gan dochar do chearta eile “Watchtower” faoi na Téarmaí Úsáide seo, má sháraíonn tú na Téarmaí Úsáide seo ar aon bhealach, tá sé de chead ag “Watchtower” beart a chur i gcrích de réir mar a mheasann siad atá oiriúnach le déileáil leis an sárú, ina measc tá stopadh a chur leis an rochtain atá agat ar an láithreán gréasáin, toirmeasc a chur ort rochtain a fháil ar an láithreán gréasáin, cosc a chur ar ríomhairí a úsáideann do sheoladh IP ó rochtain a fháil ar an láithreán gréasáin, teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí seirbhíse ag iarraidh go gcuirfidh siad cosc ar an rochtain atá agat ar an láithreán gréasáin agus/nó caingean dlí a thógáil i d’aghaidh.

Athruithe

Tá sé de chead ag “Watchtower” na Téarmaí Úsáide seo a athchóiriú ó am go ham. Tiocfaidh Téarmaí Úsáide athchóirithe i bhfeidhm ar úsáid an láithreán gréasáin seo ón dáta a fhoilseofar na Téarmaí Úsáide athchóirithe ar an láithreán gréasáin seo. Seiceáil an leathanach seo go rialta chun a bheith cinnte go bhfuil eolas agat ar an leagan is déanaí de na Téarmaí Úsáide.

Dlí agus Dlínse

Cuirfear na Téarmaí Úsáide seo i bhfeidhm de réir rialú agus forléiriú dhlíthe Stáit Nua Eabhrach, S.A.M., gan aird ar fhorálacha maidir le heasaontacht dlíthe. Déanfar aon caingean dlí maidir leis na Téarmaí Úsáide seo i stát nó i gcúirt comhstáit a bhfuil dlínse aige i Stát Nua Eabhrach, S.A.M.

Inscoiteacht

Má bheartaíonn cúirt dlínse inniúla go bhfuil foráil de na Téarmaí Úsáide seo atá ar neamhní, atá neamhbhailí, nach féidir a chur i bhfeidhm, nó atá mídhleathach, fanfaidh na forálacha eile i bhfeidhm. Má chliseann ar “Watchtower” aon cheann d‘fhorálacha na Téarmaí Úsáide a chur i bhfeidhm ní thabharfaidh sé sin le tuiscint go bhfuil an fhoráil sin curtha ar ceal ná go bhfuil an ceart an fhoráil sin a chur i bhfeidhm curtha ar ceal.

An Chomhaontacht Iomlán

Is iad na téarmaí-úsáide seo ina n-iomlán an chomhaontacht atá idir tú féin agus “Watchtower” maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin seo, agus tógann siad áit gach chomhaontacht eile a bhí ann roimhe seo maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin seo.