Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Aguisíní

Aguisíní
  1.  Ag cur An Bhablóin Mhór in aithne

  2.  Cén uair a thiocfadh an Meisias?

  3.  Gnáthaimh Leighis a Bhaineann Úsáid as Fuil

  4.  Idirscaradh

  5.  Féilte agus Ceiliúradh

  6.  Galair Thógálacha

  7.  Cúrsaí Gnó agus Dlí

 1. Ag cur An Bhablóin Mhór in aithne

Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go seasann “An Bhablóin Mhór” do na reiligiúin bhréagacha go léir? (Apacailipsis 17:5) Féach ar na fíricí seo:

  • Tá sí gníomhach ar fud an domhain. Deirtear go bhfuil An Bhablóin Mhór ina suí ar ‘phobail agus sluaite.’ Tá “údarás aici ar ríthe an domhain.”​—Apacailipsis 17:15, 18.

  • Ní fhéadfadh sé gur cumhacht pholaitiúil nó tráchtála atá i gceist léi. Tabharfaidh “ríthe an domhain” agus na ‘ceannaitheoirí’ na cosa leo nuair a scriosfar í.​—Apacailipsis 18:9, 15.

  • Insíonn sí bréaga faoi Dhia. Tugtar striapach uirthi mar go mbíonn sí ag cothú caidrimh le rialtais ar mhaith léi féin. (Apacailipsis 17:1, 2) Cuireann sí daoine as gach náisiún amú. Agus tá go leor fola ar a cuid lámha.​—Apacailipsis 18:23, 24.

Fill ar cheacht 13 pointe 6

 2. Cén uair a thiocfadh an Meisias?

Thuar an Bíobla go mbeadh sé 69 seachtain sula dtiocfadh an Meisias.​—Léigh Dainéil 9:25.

  • Cén uair a thosaigh na 69 seachtain? Sa mbliain 455 RCR nuair a shroich Nihimiá Iarúsailéim “chun í a atógáil.”​—Dainéil 9:25; Nihimiá 2:1, 5-8.

  • Cén fhad a sheas na 69 seachtain? I roinnt de thairngreachtaí an Bhíobla, is ionann lá agus bliain. (Uimhreacha 14:34; Eizicéil 4:6) Ciallaíonn sé seo gur ionann gach seachtain agus seacht mbliana, agus ina iomláine gur ionann 69 seachtain agus 483 bliain (69 seachtain x 7 lá).

  • Cén uair a chríochnaigh na 69 seachtain? Má chomhaireann muid 483 bliain ó 455 RCR, tagann muid go dtí an bhliain 29 CR. a Ba í seo an bhliain ar baisteadh Íosa agus ar ainmnigh Dia é mar an Meisias!​—Lúcás 3:1, 2, 21, 22.

Fill ar cheacht 15 pointe 5

 3. Gnáthaimh Leighis a Bhaineann Úsáid as Fuil

Tá gnáthaimh leighis éagsúla ann a úsáideann fuil an othair féin. Mar shampla—duine ag deonú a chuid fola nó a cheadaíonn a chuid fola féin a stóráil roimh obráid—ní ghlacann Críostaithe leis seo.—Deotranaimí 15:23.

Tá gnáthaimh leighis eile ann a d’fhéadfadh a bheith inghlactha ag Críostaithe. San áireamh anseo tá tástáil fola, tanú fola, haema-scagdhealú, nó úsáid innill a thógann áit an chroí agus na scamhóga le linn obráide. Caithfidh gach Críostaí a chinneadh féin a dhéanamh maidir le húsáid a chuid fola le linn aon ghnáthaimh leighis, teist, nó teiripe. D’fhéadfadh sé nach é an chaoi chéanna a chuirfeadh gach dochtúir na gnáthaimh leighis seo i gcrích. Mar sin, sula nglacann Críostaí le haon ghnáthamh leighis, teist, nó teiripe, ní mór dó fáil amach céard go díreach a dhéanfar lena chuid fola. Déan machnamh ar na ceisteanna seo a leanas:

  • Céard faoi má chuirtear mo chuid fola ar mhalairt treo taobh amuigh de mo chorp agus bac a bheith curtha ar shruth na fola ar feadh tamaill? An mbeidh mé sásta de réir mo choinsias go bhfuil an fhuil seo fós mar pháirt díom agus nach gá é a dhoirteadh amach “ar an talamh”?​—Deotranaimí 12:23, 24.

  • Céard faoi má bhaintear fuil asam le linn ghnáthamh leighis, má dhéantar athruithe uirthi, agus í a chur ar ais i (nó air) mo cholainn arís? An gcuirfeadh sé seo as do mo choinsias, nó an nglacfainn leis an ghnáthamh leighis seo?

Fill ar cheacht 39 pointe 3

 4. Idirscaradh

Ní mholann Briathar Dé idirscaradh agus léiríonn sé nach dtugann idirscaradh an ceart do cheachtar den bheirt pósadh arís. (1 Corantaigh 7:10, 11) Ach tá cásanna áirithe ann ina bhféadfadh Críostaithe idirscaradh a fháil.

  • Níl riar a gcáis á chur ar fáil: Diúltaíonn fear céile in aon turas riar a gcáis a chur ar fáil dá chlann.​—1 Tiomóid 5:8.

  • Drochíde: Ag tabhairt an oiread sin drochíde do dhuine go n-airíonn sé go bhfuil a shláinte nó a bheatha i mbaol.​—Galataigh 5:19-21.

  • Caidreamh duine le hIehova á chur i mbaol: Ní féidir le duine Iehova a adhradh mar gheall ar an gcaoi a gcaitheann a gcéile pósta leis nó léi.​—Gníomhartha 5:29.

Fill ar cheacht 42 pointe 3

 5. Féilte agus Ceiliúradh

Ní ghlacann Críostaithe páirt i bhféilte nach bhfuil sásúil d’Iehova. Caithfidh gach Críostaí a intinn féin a dhéanamh suas maidir le ceiliúradh na bhféilte seo agus dul de réir a gcoinsias atá oilte ag an mBíobla. Smaoinigh ar roinnt samplaí.

  • Guíonn duine Nollaig Shona ort. D’fhéadfá “go raibh maith agat” a rá. Má tá an duine ag iarraidh tuilleadh eolais, d’fhéadfá an chúis nach gceiliúrann tú an Nollaig a mhíniú.

  • Tugann do chéile pósta, nach bhfuil sa bhfírinne, cuireadh chuig béile duit in éineacht le gaolta le linn féile na Nollag. Má cheadaíonn do choinsias duit a dhul ann, d’fhéadfá a rá le do chéile pósta roimh ré nach mbeidh tú ag tógáil páirt in aon ghnásanna págánta ag an mbéile.

  • Tugann d’fhostóir bónas duit le linn saoire na Nollag. An gá duit an bónas a dhiúltú? B’fhéidir nach gá. An bhfuil d’fhostóir ag tabhairt an bhónais duit mar pháirt den cheiliúradh, nó an bhfuil sé ag iarraidh a bhuíochas a chur in iúl duit as an obair chrua atá á dhéanamh agat?

  • Tugann duine bronntanas duit le linn saoire na Nollag. D’fhéadfadh sé a rá: “Tá a fhios agam nach gceiliúrann tú an Nollaig, ach ba mhaith liom é seo a thabhairt duit.” B’fhéidir gur ag iarraidh a bheith cineálta leat atá an duine seo. Ar an lámh eile de, b’fhéidir go bhfuil sé ag iarraidh do chreideamh a thástáil nó go bhfuil sé ag cur brú ort an Nollaig a cheiliúradh. Tar éis machnamh a dhéanamh ar seo, is fút féin atá sé cinneadh a dhéanamh an nglacfaidh tú leis an mbronntanas nó nach nglacfaidh. Tá muid ag iarraidh coinsias glan a bheith againn agus a bheith dílis d’Iehova i ngach cinneadh a dhéanann muid​—Gníomhartha 23:1.

Fill ar cheacht 44 pointe 1

 6. Galair Thógálacha

De bhrí go bhfuil grá againn do dhaoine, bíonn muid an-chúramach gan galair thógálacha a scaipeadh. Tá sé seo fíor bíodh muid ag fulaingt ó ghalar tógálach nó go gceapann muid go bhfuil muid inár n-iompróirí ag galar éigin. Déanann muid amhlaidh mar go n-ordaíonn an Bíobla: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.”​—Rómhánaigh 13:8-10.

Céard a chiallaíonn sé a bheith umhal don ordú seo? Níor cheart do dhuine a bhfuil galar tógálach air a bheith ró-ghar do dhuine eile, fiú más ag léiriú geana atá sé mar shampla ag tabhairt barróga. Ba cheart go dtuigfeadh sé mura dtugann duine cuireadh dó chuig a theach gur ar mhaithe lena theaghlach a chosaint atá an té sin agus gan a bheith curtha amach faoi. Sula bhfaigheann sé baiste, ba chóir dó comhordaitheoir choiste na seanóirí a chur ar an n-eolas faoin ngalar chun go ndéanfadh siad na socruithe cuí chun na daoine eile atá ag fáil baiste a chosaint. Sula dtosaíonn duine ag cúirtéireacht, ba chóir go mbeadh duine sásta tástáil fola a dhéanamh má tá aon bhaol ann go bhféadfadh galar tógálach a bheith air. Má dhéanann tú amhlaidh, léiríonn tú nach bhfuil tú “ag cuimhneamh ar do leas féin amháin ach ar leas na gcomharsan chomh maith.”​—Filipigh 2:4.

Fill ar cheacht 56 pointe 2

 7. Cúrsaí Gnó agus Dlí

Is féidir linn go leor fadhbanna a sheachaint trí chomhaontú airgeadais a chur i scríbhinn​—fiú más le Críostaí eile atá an socrú seo. (Irimia 32:9-12) Ach fós féin, tarlaíonn míthuiscintí anois agus arís faoi airgead agus faoi chúrsaí eile. Ba chóir na míthuiscintí seo a shocrú go sciobtha, go síochánta, agus go príobháideach.

Ach cén chaoi ar chóir dúinn cásanna tromchúiseacha ar nós caimiléireacht nó clúmhilleadh a shocrú? (Léigh Matha 18:15-17.) Seo trí chéim ar mhol Íosa dúinn a leanúint:

  1. Déan iarracht an cás a shocrú eadraibh féin.​—Féach véarsa 15.

  2. Mura n-oibríonn sé seo, iarr ar dhuine nó beirt de na deartháireacha aibí sa bpobal Críostaí dul in éineacht leat.​—Féach véarsa 16.

  3. Mura bhfuil an fhadhb socruithe go fóill, ansin ba cheart duit labhairt leis na seanóirí.​—Féach véarsa 17.

I bhformhór na gcásanna, níor cheart dúinn a dhul chun cúirte lenár ndeartháireacha mar d’fhéadfadh sé go dtarraingeodh sé seo droch-cháil ar Iehova agus ar an bpobal Críostaí. (1 Corantaigh 6:1-8) Ach, tá cásanna áirithe ann a mbfhéidir go mbeadh gá dul chun cúirte: imeachtaí colscartha, coimeád leanaí, íocaíochta ailiúnais, éilimh árachais, cásanna a bhaineann le bancbhriseadh, nó uachtanna probháide. Níl Críostaí a thugann na cásanna seo chun cúirte go síochánta, ag dul in aghaidh comhairle an Bhíobla.

Má tá coir thromchúiseach i gceist​—ar nós éigniú, mí-úsáid páistí, ionsaí, mórghoid, nó dúnmharú​—níl Críostaí a théann go dtí na húdaráis sna cásanna seo ag dul in aghaidh comhairle an Bhíobla.

Fill ar cheacht 56 pointe 3

a Tá 454 bliain ón mbliain 455 RCR go dtí 1 RCR. Bliain amháin atá idir 1 RCR agus 1 CR (níl aon náid bliana i gceist). Mar sin tá 28 bliain ón mbliain 1 CR go dtí 29 CR. Sin 483 bliain ina iomláine.