Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEIST 2

Cén Chaoi a mBreathnaím?

Cén Chaoi a mBreathnaím?

TÁBHACHT NA CEISTE

Tá rudaí sa saol atá níos tábhachtaí ná an méid a fheiceann tú sa scáthán.

CÉARD A DHÉANFÁ?

Samhlaigh an cás seo: Nuair a bhreathnaíonn Julia sa scáthán ceapann sí go bhfuil sí ramhar. “Caithfidh mé meáchan a chailleadh,” a deir sí léi féin—cé go ndeir a tuismitheoirí agus a cairde léi go bhfuil sí “chomh tanaí le snáthaid.”

Níl Julia ag iarraidh “ach cúig phunt” a chailleadh. Chun é sin a dhéanamh, tá sí ag smaoineamh gan aon bhia a ithe ar feadh cúpla lá—aiste bia (no, diet) a chuirfeadh a sláinte i mbaol.

Céard a dhéanfá dá mbeifeá i mbróga Julia?

STOP AGUS SMAOINIGH ORT FÉIN!

Is minic a bhíonn an dearcadh atá agat i do leith féin ar nós mar a bheifeá ag breathnú ort féin i scáthán a chuireann do chosúlacht as a riocht

Níl sé mícheart suim a bheith agat sa gcaoi a mbreathnaíonn tú. Cuireann an Bíobla féin síos ar chomh deas is a bhreathnaigh fir agus mná éagsúla, ina measc Sárá, Ráchael, Aibíogáil, Iósaef, agus Dáiví. Deir an Bíobla go raibh “barr scéimhe [nó, áilleachta]” ag bean darbh ainm Aibíseag.—1 Ríthe 1:4.

Tá go leor daoine óga ann, áfach, nach bhfuil in ann cuimhneamh ar dhada ach ar an gcaoi a mbreathnaíonn siad. Bíonn fadhbanna móra ag cuid acu dá bharr sin. Smaoinigh ar seo:

  • I staidéar amháin, dúirt 58 faoin gcéad de na cailíní go raibh siad róthrom, ach i ndáiríre, ní raibh ach 17 faoin gcéad acu róthrom.

  • I staidéar eile, cheap 45 faoin gcéad de na mná a bhí ró-éadrom, go raibh siad róthrom!

  • Is iomaí duine óg a fhaigheann anoireicse—galar a chuireann a mbeatha i mbaol—le linn dóibh a bheith ag iarraidh meáchan a chailleadh.

Má bhreathnaíonn sé go bhfuil anoireicse ort, nó aon ghalar itheacháin eile, faigh cabhair. Labhair le tuismitheoir nó le duine fásta a bhfuil muinín agat as. Deir an Bíobla: “[Tá cairde ann] . . ar gaire iad ná deartháir.”—Seanfhocail 18:24.

AN FEABHAS IS FEARR A D’FHÉADFÁ A CHUR ORT FÉIN!

Taitníonn duine linn de ghnáth, mar gheall ar an mbealach atá leis, ní mar gheall ar an gcaoi a mbreathnaíonn sé. Tóg Aibseálóm, mac Dháiví, mar shampla. Deir an Bíobla faoi:

Ní raibh oiread agus duine in Iosrael le moladh de bharr a scéimhe an oiread le hAibseálóm; ní raibh máchail [nó, locht] air ó mhullach a chinn go bonn a choise.”—2 Samúéil 14:25.

Ach, bhí an fear óg seo lán de mhórtas, bhí sé fealltach, agus bhí pleananna móra aige dó féin! Mar sin, ní deas mar a chuirtear síos ar Aibseálóm sa mBíobla; cuirtear in iúl gur duine an-ghránna a bhí ann.

Tá cúis mhaith go dtugann an Bíobla an chomhairle seo dúinn:

“Is é teagasc a fuair sibh . . . an nádúr úrnua a ghabháil chugaibh.”—Eifisigh 4:22-24.

Ná bígí do bhur maisiú féin ar an taobh amuigh . . . ach maisígí an duine úd atá i bhfolach in bhur gcroíthe.”—1 Peadar 3:3, 4, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn.

Níl dada mícheart le bheith ag iarraidh breathnú go deas, ach is é do phearsantacht an rud is tábhachtaí. I ndeireadh na dála, beidh tú níos deise i súile daoine eile má bhíonn dea-thréithe agat! “Tugann daoine áilleacht faoi deara ar an bpointe,” a deir cailín darb ainm Phylicia, “ach is mar gheall ar an mbealach atá leat agus ar do dhea-thréithe a chuimhneoidh daoine ort.”

AG CAITHEAMH SÚL ORT FÉIN

An mbíonn imní ort go minic faoin gcaoi a mbreathnaíonn tú?

An mbíonn tú ag smaoineamh ar a dhul faoi scian nó a dhul ar aiste bia mífholláin chun locht éigin a cheartú?

Céard a d’athrófá dá mbeifeá in ann? (Roghnaigh na ceanna a d’athrófá.)

  • AIRDE

  • MEÁCHAN

  • GRUAIG

  • COLAINN

  • ÉADAN

  • CRAICEANN

Má thug tú “Bíonn” mar fhreagra ar an gcéad agus an dara ceist, agus má roghnaigh tú trí cinn nó níos mó sa tríú ceist, smaoinigh ar seo: Tá seans maith ann nach bhfuil dearcadh chomh dona ag daoine eile i do leith is atá agat féin. Tá sé an-éasca an iomarca imní a dhéanamh faoin gcaoi a mbreathnaíonn tú.—1 Samúéil 16:7.