Ná bac leis seo

Go dtí an clár

“Go dTaga Do Ríocht”—Paidir atá Ráite go Minic ag na Milliúin Duine

“Go dTaga Do Ríocht”—Paidir atá Ráite go Minic ag na Milliúin Duine

Ar ghuigh tú riamh go dtiocfaidh Ríocht Dé? Tá na focail “go dtaga do ríocht” ráite go minic ag na milliúin duine thar na céadta bliain. Cén fáth? Mar dúirt Íosa lena lucht leanúna guí go dtiocfaidh Ríocht Dé.

Ach níor thuig siad ar dtús céard a bhí i gceist ag Íosa leis an Ríocht. D’fhiafraigh siad dó: “A Thiarna, . . . an anois atá tú chun ríocht Iosrael a athbhunú?” Is dócha go raibh iontas orthu nuair nár inis Íosa dóibh cén uair a thiocfadh Ríocht Dé. (Gníomhartha 1:6, 7) Ach an gciallaíonn sé sin nach féidir eolas a fháil faoi Ríocht Dé? Ní chiallaíonn!

Cabhróidh an t-eagrán seo de An Túr Faire leat freagraí a fháil ar na ceisteanna seo a leanas:

  • Cén fáth a dteastaíonn Ríocht Dé uainn?

  • Cén Rí atá ar Ríocht Dé?

  • Cén uair a rialóidh Ríocht Dé an domhan?

  • Céard a bhainfidh Ríocht Dé amach?

  • Cén fáth a roghnófá tacú le Ríocht Dé anois?

  • Céard í Ríocht Dé?